Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt shean-daoine i nDún caoin fadó. Tugtaí Pádraig Bán ar duine aca agus Mícheal an Gabhair mar leas-ainm ar an nduine eile mar ní raibh sa tsaoghal aige acht gabhar bhí Pádraig Bhán ar an gCreidheamh Protastúnach agus béigean do Mícheal iompóghcidh leis an ngabhtar acht cómh luath agus a táinig an mhin eornan go dtí's na sagairt.
Diompuig sé ar an gCreideamh Caithliceach airís.
Níor thaitnig san le Pádraig Bán mar do b'í sé féin ana mhór ar thaobh na Sasanaigh. Nuair a bhuailead Mícheal leis do labhradh sé mar seo leis.A Mhíchíl an Gabhair cad do thug tú san am úd eadarainn
Mar bí an saoghal gann arsa Mícheal, cuma liom beith ag teampall ná Aifrionn.
An gcualais-se teagasc Naom Pól is gach cabidil cótr a leanann é.
Cualadh arsa Mícheál agus d'éistigheas-sa leó acht is an mhin eórnan a leathaidh mé (nó a leanfaidh mé)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí