Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal
Bhí fear i mBaile an Góilín fadó. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche amháin. Buail capall leis and cuaidh sé ag marcuidheacht air. Ní tuisce a fuair an capall ar a drom é ná cuir do sa tsiubhail. Ní fhág sé claidhe ná portach gan léimeadh. Do ceap an fear ná raib cnámh slán ina corp. Do labhar an capall leis ansan . "Cioca is fearr leat tú caitheamh le gleann nú le faill a mhic Uí Fhloinn. Is fearr liom caitheamh le faill chun go marbhocfaí tapaidh me arsan fear. Ní bhfaighear do thoil a mhic Uí Fhloinn arsan capall. Níor stad sé go dtáinig sé san áit gur cuaidh sé ag marcuidheacht air agus caith do le fuinneamh é. Tháinig an fear abhaile. An tam ceadhna oichche tár na mháireacht tháinig an púca go dtí an doras agus dfiaruig an bfuilleann tú istig
(iompuig)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí