Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do dhein na fir óga suas go ndóghfaidís a thig. Uair dá raibh Seán imthighthe chómh fada le Tráighlí do dhóghadar na h-úirlisí go léir air agus nuair d'fill sé ní raibh faic roimis acht na fallaí. Ní raibh aon tslí beatha aige anois agus dob éigean do dul go Tig na mBocht.
(2) Do bhí cúipéir ina chómhnaidhe i mBaile Móir 50 bl. ó shoin. Do bhí tig oibre aige san áit ina bhfuil Tig Muinntir Ó Cléirigh anois. Partalón Ó Luasaig do b'ainm do. D'foghluim a cheárd ó Thadhg Ó Mainnín a bhí ina Chúipéir sa Daingean. Do bhíodh sé ag déanamh feircíní agus cilléirí agus do bhíodh sé ag déanamh cannaí chun bhainne agus meadracha. Do bhí a lán úirlisí aige agus táid san san mbaile fós, scaipighthe idir muinntear an bhaile.- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Gríbhthín
- Inscne
- Baineann