Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmneacha na nGort.
Páirc Breeny:- Bhí tig tógtha ann ag fear dár b'ainm Breeny.
Páirc Móirín:- Fear dar b'ainm Moran a bhí ina cómhnaidhe ann fadó.
Lúb na Móna:- Mar tá déanamh na lúibe ar agus mórán móna le fághail ann.
Páirc an tSalainn:- Tá blas an tsáile ar an uisge atá le fághail ann.
Gort na Coinnlí:- Bíonn coirce curtha ann go minic mar ana ghort choirce is eadh é.
Páirc na dtrí:- Aon ghort amháin do b'eadh é acht roinneadh é ina dtrí coda.
Páirc an Leasa:- Tá lios ann.
An Pháirc:- Toisg é bheith chómh mór is athá.
Gort na bpúcaí:- Bíodh púcaí agus soillse le feiscint ann fadó.
Páirc na gcnap:- Bhíodh prátaí maithe ann riamh.
Carraig Corcaire:- Mar chodhluigheadh bean gur b'ainm dí Siobhán Corcaire fé'n gCarraig go minic.
Tig Noble:- Bhí fear darbh ainm Noble ina chómhnaidhe ann agus ní raibh aige acht an gort.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí