Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Prátaí
Cuirimíd prátaí gach aon bhliadhain. 'Sé an chéad rud a dheinimíd ná an talamh do leasú le h-aoileach na mbó, na gcapall, na muc. Annsan riascáilimíd cuid de agus fágaimíd cuid eile dhe le h-iompóghadh. Gearrann na sean mhná na scioltáin. Deir siad ná déanfadh sé an gnó súil a fhágaint i sgioltáin gan an chuid cheart de'n bhiadh d'fágaint ann chómh maith. Is é an tslíghe a cuirtear ins an talamh riascálta iad ná, trí sgioltán treasna i bhfód trí cosa corcán. Annsan deintear an chré do thaoscadh isteach ortha le sluasaid. Sé an tslíghe a chuirmimíd fé sgríb iad ná fód d'iompóghadh ar dtúis. Annsan leathtar sgioltáin in aice san ó bhun go barr an ghoirt. Iompuightear sgríob eile isteach i gcoinnibh an chéad cinn ag clúduightear an sgioltán san. Anois leath-tar sgioltán ins an dá chlais agus iompuightear fód isteach i ngach clais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann