Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 067
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Na hAinmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na buinne. Annsan dheineadh sé na sgiatháin agus cheangladh sé na sgiatháin le gad agus d'fáisgeadh sé leis an ribín í. Sé an págh a gheibheadh sé ná píosaí tobac. Cheangladh sé an dá cléibh le chéile leis an mbrollach chun ná beadh sé camMícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag.
Thóg Cáit Ní Fhiannachta, Baile an Góilín dom é. - Na h-Ainmhighthe Allta
An Madra Ruadh:- An Ghiarrfiadh, An Ghráinneóg, An Coinín, An Cat Fiadhain.
An Madra Ruadh:- Tá nead aige san eisg (eisc) istig fé charraig mhóir agus é lán do cnámha agus do chleití. Nuair a ghuid sé gé ó dhuine annso chuir sé na lapaí fé ghainnimh agus thug an cuid eile go dtí mullach an chnoic agus dith sé í. Nuair a bhíonn sé ag guid dhá cheann cuireann sé an dá mhuineál treasna ar a chéile agus beireann lena bhéal ortha. Bíonn sé á mbualadh annsan le na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí