Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná ní raibh aibíd air os cómhair an tsaoghail
Acht isteach san oidhche deineadh caoineadh míos air agus do bhí braon díghe air ar nós gach n-aon.
Air teacht an tíghe dóibh bhí roinnt pinginí aca, agus bhí salacar bruíghne ann 'sé díogh gach sgéal
Do bhí fir dá síneadh ann le bataí druighean-glas agus gan scáth ón gclaidhe ann mar páirc na bpiléar
Bhí fear i meadhon-aois ann go féasóg buidhe air agus fuair sé snaidhm uaitha i mbéal a cléibh.
Dod' fan san sínte is níor ghaibh sé tímcheall agus bhí gol agus caoineadh air ar feadh trí lae.
Fuaireamair sgilling gléigeal thuas ón gCinnéidach agus do chuir san féin orann eirighe croidhe.
Do seasóchadh ráte sin i rith an lae dúinn. ba shuairc é an saoghal dúinn i mbliadhna airís.
Dp chuadhamair den stáir sin go dtí Paddy Jim an Garden is ba mhaith an t-ádh é dá raghadh linn dul.
Acht bhí tarbh beárrtha thiar sa yard rómhainn agus do chuir le fánaig sinn gan mórán moill.
Bhí Nell an Bhánaig ar Quarry an Geárrtha agus a dhá láimh cráidhte 'ge clipí úsg.
Agus do labhair go dána le h-ár bhfearaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Nioclás Ó Ghríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí