School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)imirt leó. Cuirfeá dhá cloich ar an dtalamh agus caithfeá suas cloch eile. Annsan bhéarfá air an gloich a bheadh caithte suas agus air na clocha a bhíonn air an dtalamh le chéile.
2. Seáinín a Phúca:-Éadach do chuir ar do shúile agus a bheith ag breith ar an gcuid eile.
3. Bíonn scata leanbhaí i dteannta a chéile agus beireann siad ar lámhaibh a chéile agus bíd ag rinnce mór dtímcheall i bhfáinne agus ag amhrán agus ag rádh, "Síos linn, Síos linn, Síos linn go léir" agus lúbann siad síos go talamh.
4. Téigheann duine i bhfolach agus bíonn an chuid eile ag iarraidh é d'fághail amach.
5. Teigeann leanbh uirthi gur madra ruadh í agus teigeann na leanbhaí eile ortha gur géanna iad. Annsan ritheann an mhadra ruadh i ndiaidh na géanna.
6. Téadán do ceangal idir dhá chrann ag leanbh do chuir 'na suidhe air. Annsan déantar an téadán do luascadh.
7. Bheith ag imirt anáirde ar chairt.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Informant
- Muiris Ó Ghríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Mór, Co. Chiarraí