Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Doineann
Céad bliadhain ó shoin bhí stoirm mhór ann. Bhíos im cómhnuidhe i Dún Caoin an uair sin. Ní raibh aon coinne aca leis an stoirm agus ní raibh aon rud i bhfearras aca. Bhí líontíghe áirighthe ann agus bhris plánaí na bhfuinneóga isteach air an úrlár. Ní fhéadfadh aoinne dul amac an doras mar séidfí an díon don tíghe. Caithfidís dul amac tríd an bhfuinneóg agus bhíodh duine ollamh cun an bhfuinneóg do dhúnadh 'na dhiaidh. Séideadh an stán do thighthe na mbó ar na cómharsain agus é ag imtheacht ar nós na gaoithe san aer. Bhí an stáin na cnocáin ar maidin in áit éigin go raibh foithin. Ní raibh aithne a coda féin ag éinne ar an stáin. Bhí cairt agus í lán do thuighe sa gairridhe agus bhí sí iompuighthe ar maidin. Séideadh cliathán do seomra ba agus do buaileadh i gcoinne seómra codhlata na cómharsa é. Dhúisig sé as gcodhladh iad agus ritheadar as an seomra mar thuigeadar gur crith an tig ar fad. Thógadh an ceann do thig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí