Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An t-Aonach
Bhíodh aonac i ngort le Pádraig Ó Loinghsig i mBaile an Mhuilleann fadó. Aon ceannuightheóir amháin a bhíodh ann. Théigheadh cuid do mhuinntir an Dainghin ag ceannach an tráthnóna roimh-ré. Ana cómhartha ar an lá 'na dhiaidh a b'eadh é sin. Tá páirc speisíalta sa Dainghean do gach aonac. 'Sé an rud an t-earnest ná an lump-penny a tugtar as an mbeithidheach nuair a díoltar aiste. Caithtear dhá phinghin a dhíol as gach beithidheach agus leath-raol as gach bó ag dul isteach an geata. Nuair a díoltar capall ní ceart an ceannrach do thabhairt uait. Aonach muc agus beithidheach is mó a bhíonn sa Dainghean. Ní bhíonn aon aonach capall ná caorach inns an Dainghean. Marcáltar na muca agus na beithidhigh le seisiúr nó le dath éigin.Mícheál Ó Fiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Cáit Ní Fhiannachta, Baile an Ghóilín, Dainghean do é.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí