Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tighearna Talmhan
Do b'iad na Tighearnaí talmhan a bhí san áit seo na Rísig. Tighearna Fionntrágha agus Clarissa Hussey. Cuir Tighearna Fionntrágha mórán daoine amach as a gcuid talmhan. Cuir sé na Feirteáraig Bhaile Uachtarach amach as a gcuid talmhan. Chuir sé Cáit Mórán amach leis. Do bhídhtí ag bailiughadh deachmuidhte annso tímcheall deich mbliadhna is trí fichid ó shoin. Do bhí ana smacht ag na Rísig ar na ndaoine. Caithidís a bheith ag obair na h-aon lá dóibh. Ní thugaidís aon phágh dos na daoine agus annsan muna raghfaidís ag obair dóibh cuiridís amach as a gcuid talmhan iad. Nuair a cuireadh an Feirteáraig as a gcuid talmhan cuirfead na báillí cúcha. Ní thabharfadh aoinne bhraon bhainne dhóibh. Caitheadar bó a thabhairt leó siar. Nuair a bhíodar á tabhairt siar cuadar isteach i dtig óil. Nuair a thángadar amach bhí an bó imighthe. Deineadh amhrán mar gheall air sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí