Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 245
- XML “File - Iníon Sheán Uí Dhuinnshléibhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- File:- Inghean Seán Ó Duinnshléibhe.
Do bhí sí pósta i nDuncaoin le athair an Phápa (leas-ainm ar fear). Dúbhairt Seán dá mbeadh aoinne do's na cailíní ábalta ar filídheacht do dhéanamh go n-imtheóchaidh an fhilídheacht ón muinntir a thiocfadh na dhiaidh. Oidhche amháin do bhí ceann dos na páístí ag iarraidh addition do dhéanamh agus bhí ag teip air. Do bhí sí ag féacaint air agus tháinig olc uirthi cuige agus chúm sí bhéarsa. Seo í an bhéarsa a dhein sé.
Addition, addition, do ceilg is do crádh mo croidhe,
B'fhearr liom bheith ag tarrac cloca gach lá ar mo dhruim
Ná bheith ag iarraidh addition a cur isteac id shean mhálaod cinn.
Bh Seán ag éisteacht leí agus tháinig éad air. Bhí fhios aige ná leanfadh an filídheacht aoinne dá shliocht go bráth airís.Máire Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha, Baile Móir, Dainghean, di é.- Bailitheoir
- Máire Ní Sheághdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seághdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí