Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tá gleann inaice le Tráighlí agus Gleann Sgoithín a ghlaodhtar air. Fadó aon duine a thiocfadh tríd an gleann ist-oidhche marbhóchfí é agus tógfí gach rud uaidh...”
Ainm an té do bhailigh
Pádruigh Ó Muircheartaigh
Dún Síon
Ainm an té do thug
Tadhg Ó Muircheartaigh
Dún Síon
Tá gleann inaice le Tráighlí agus Gleann Sgoithín a glaodhtar air. Fadó aon duine a thiocfadh tríd an gleann ist-oidhche marbhóchfí é agus tógfí gach rud uaidh. Bhí bean sa gleann gach oidhche agus teine ag teacht as a béal. Oidhche amháin bhí beirt fhear ag teacht tríd an gleann. Bhíodar ar meisce. Do connaiceadar an bean cúcha agus teine ag teacht as a béal. Do cuadhadar cuiche agus rugadar uirthe. Do fuaireadar téadán agus do ceanngluigheadar í. Do rugadar go dtí na gardaí í agus do bhaineadar san an rud a bhí ar a aghaidh di. Nuair a connaiceadar a aighaidh fuaireadar amach gur bean í ó baile beag a bhí sa gleann. Do cuirfeadh trial cuirte uirthe agus do crochadh í.- Bailitheoir
- Pádruigh Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí