Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa sgéal fior a thuit amach sa Daingean fadó. Oidhche amháin bhí misiún san Daingean. Bhí mórán daoine ann. Le linn an mhisiúin do thuit sean-bhean a codhladh. Níor corruigh aoinne í mar ceapeadar gur ag padóireacht a bhí sí. Bhí gach aoine imtighte abhaile agus an dorus dúnta nuair a dhúisigh sí. Cuaidh sí timcheall an t-sápéil agus nuair a fuair sí amach go raibh an dorus dúnta bhí sí sásta fanacht go n-osglóchfí an doras ar maidin.
Bhí sí 'na suidhe ar a shuimhneas nuair a thug sí fé ndear sagart gléasta igcóir aifrinn ag teacht amach ar an altóir. D'iompaigh sé timcheall agus dabhairt, "An bhfuil aoinne annso cun aifrinn d'freagairt". Tháinigh an iomarca eagla ar an mnaoí agus ní raibh de mhisneach aice freagairt. Nuair a tháinigh an maidean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mach Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Loch, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mach Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Loch, Co. Chiarraí