School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Teacher:
An Br. P. Ó hAragáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Page 336
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear gur goideadh bó uaidh ag lorg na bó ar fúid na h-áite ach ní raibh sí le fághail. Bhí sé á lorg ar feadh seachtaine...

    Bhí fear gur goideadh bó uaidh ag lorg na bó ar fúid na h-áite ach ní raibh sí le fághail. Bhí sé á lorg ar feadh seachtaine. Cuaidh sé a bhfad ó bhaile sa deire. Bhí sé a gabháilt an bhóthair agus connaic se ba istigh í bpaírc agus fear a bhféireacht agus nuair a bhí sé a déanamh ortha d'aithn sé an bó agus dúbhairt se gurbh í a bhí ann.
    Nuair a tháinig sé inaice leó stad sé ag féachaint uirthe "Cad é an féachaint atá agat uirthe sin? ars' an t-aodhaire. "D'imthigh bó uaim" ars' an fear "Do dearbheóchainn gurbh í sin í mura mbeadh an t-eirbeall dom bó-sa. Cuir aodhaire na mbó a lámh 'na phócha agus do thairrigh sé amach a sgian. Dhruid sé isteach leis an mbuin agus do rugh sé ar eirbeall uirthe. Sgaoil sé an sgian air agus ghearraidh sé anuas di é. "Tar isteach anois a dhiail agus dearbhuigh gurbh í dó bhó í. D'fill sé abhaile agus ní bhfuair sé a thuilleadh dá duadh. Bhí a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Máirtín
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Chiarraí