Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“I Loch Deirg Dheirc tá oileán ar a dtugtar an Oileán Naomhtha. Tá fothracha seana-caisleán agus saípéal ann fós...”
I loch Deirg Dheirc tá oileán ar a dtugtar an Oileán Naomhtha. Tá fothracha seana-caisleán agus sáipéal ann fós. Do bhí daoine naomhtha 'na cómhnuidhe ann fadó. Do bhí Protustúnaigh 'na cómhnuidhe í gCíll Dálú agus ní raibh aon cloigín aca agus do bhí ceann mór ins an oileán agus oidhche amháin do thosnuigheadar agus do thógadar an cloigín. Nuair a bhíodar ag teacht amach do cailleadar teanga an cloigín san uisge agus thugadar an oidhche go léir 'á lorg ach ní bfuaileadar é. Do thugadar isteach é ach ní fhéadfhidís aon teanga a dhéanfadh an gnó d'fághail. An oidhche 'na dhiaidh sin do thugadar an cloigín ar ais. Do bhíodar ag triall ar an dteanga ach ní bfuaireadar é, do thugadar an cloigín ar ais agus deirtear gur gach seacht bliain a chloistear an chloigin Oidhche Nodhlag.- Bailitheoir
- Éamonn Ó Ruaidhrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Mach Síthigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. Chiarraí