Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ag dul go Tráighlí lá amháin agus ní raibh aon t-slíghe chun dul ach sa traen. Do chuaidh an fear isteach sa traen agus do tháinigh bean isteach 'na dhiaidh le madra beag...”
Bhí fear ag dul go Tráighlí lá amháin agus ní raibh aon t-slíghe chun dul ach sa traen. Do chuaidh an fear isteach sa traen agus do tháinigh bean isteach 'na dhiaidh le madra beag. Nuair do ghluais an traen do dhearg an fear a sheana-dhúid. Nuair a chonaich an bhean an dúid do rug sí air agus do chaith sí amach é. Do sgiob an fear an madra agus do caith sí amach é. Nuair a shroiseadar Tráighlí do chonnaicheadar an madra agus an dúid 'na bhéal aige. Do chuaidh an bheirt go dtí máighistir an stáisiún agus do thug seisean an dúid do'n bhfear agus an madra do'n mhnaoí.- Bailitheoir
- Éamon Ó Ruaidhrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Mach Síthigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. Chiarraí