Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Fadó nuair a bhí na Danair sa Bhreandán Bhí lios acu agus staighre ag dul isteach san lios sin...”
Ainm an té do bhailigh. Gabriel Bric,
Brandon,
Ainm an té do thug, Seán Ó Bric,
Brandon.
Fadó nuair a bhí na Danair sa Bhreandán bhí lios acu agus staighre ag dul isteach san lios sin. Gach oidhche bíonn solus ann agus deirtear gurbh iad na pucaí a bhíonn ann. Lá amháin do bhí fear ag baint féir agus do tháinig bean amach as an lios agus do labhair sí leis agus dúbhairt sí go raibh sí 'na cómhnuidhe i Lios na Caol Buidhe fadó agus dúbhairt sí ná tagadh aoinne as an tigh chun í do breith abhaile.
Cúpla lá 'na dhiaidh sin bhí an fear ag caint le fear ón dtigh ach ní creideadh an fear é agus níor chuaidh chun í do bhreith abhaile agus do fágadh ann í.- Bailitheoir
- Gabriel Brich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Brich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí