Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí feirmeóir í nDún Caoin timcheall céad bliain ó shin. Do fuair a mháthair bás. San am san ní raibh aon chairt, asal ná capall le fághail...”
Bhí feirmeóir i nDún Chaoin timcheall céad bliain ó shin. Do fuair a mháthair bás. San am san ní raibh aon chairt, asal ná capall le fághail. Chuaidh an dhá mhac chun cómhradh d'fhághail agus beath-uisge agus pípí d'fhághail. Thugadar leó an miúil agus srathar fhada uirthe. Cheangaluigheadar an cómhradh in-áirde uirthe. Bhí dhá ghalún beath-uisge aca san cómhradh. Chuadhadar isteach i dtigh táirne agus cheangluidheadar an múil amuigh. D'fhanadar annsan go rabhadar ar meisge. Do bhris an miúil an ceangal agus seo léi abhaile. Do bhris an cómhradh agus doirteadh an beath-uisge, agus d'ól an miúil é agus thit sí ar meisge. Nuair a tháinig na giolí suas léi, bhí sí marbh ar meisge gan aon chor aiste. Bhaineadar an criocann di agus thugadar an criocann agus an cómhradh abhaile leó. Bhíodar ag caitheamh an oidhche mar sin. Seo isteach len miúil gan aon chroiceann uirthe agus sgannradh ar a raibh istigh. Chuireadar croiceann caorach uirthe agus chuireadar tuige ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gabriel Brich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Brich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí