Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí baintreach bocht ann uair amháin agus bhí sí ana-bhocht. Ní raibh aice ac braon beag bainne. Tháinigh bacach ag lorg déirce agus thug an baintreach an bainne do...”
Bhí baintreach bocht ann uair amháin agus bhí sí ana-bhocht. Ní raibh aice ac braon beag bainne. Tháinig bacach ag lorg déirce agus thug an baintreach an bainne do. Ní raibh aon rud len ithe aice an oidhche sin. Nuair a eirigh an baintreach ar maidin bhí bó mór lasmuigh den dorus agus bhí bainne ag silleadh léi. Do chruaidh an baintreach an bhó agus do bhí sí ag crúdh is ag crúdh agus sa deire chaith sí stad mar ní raibh aon áít aice chun an bainne do chuir. D’imthigh an bhó léi annsan. Do bhí an baintreach ag cainnt le gach aoinne mar gheall ar an rud iongantach a thárla. Tháinig an bhó an maidin ‘na dhiaidh sin ach már tháinigh bhí mórán árthaí ullamh ag an mbaintreach chun í do crúdh. Ach nuair a a tháinigh an bhó do chuir sí glam aiste agus fuair sí bás.- Bailitheoir
- Seán Ó hUallacáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó hUallacaín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí