Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus fear sna bhréagh ab’ eadh é. Bhí sé i n-a scoláire mhaith leis. Lá Domhaigh bhí sé ag comhthalán rinnce agus ghaibh bean sidhe go raibh bean draoidheacht uirthi chúige ó’n lios. Bhuail sí a lámh f’en a ascaill agus chaith sé suibhal i n-aoinfheacht léi. Chuir sí torn mór ceoidh i n-a dhiaidh chun ná feiceadh aoinne cár ghaibh sé. Thug sí léi tamall mór ó bhaile é dtí gur bhuail chloch mhór leo. D’oscail an chloch agus chuadar isteach innte agus dhún sí arís i n-a ndiaidh. Bhí tig istig sa chloich sin ag an mnaoi sidhe agus thug an fear so seacht mbliadhan sa chloich aici. Seánach Séamuis a tugtaí air.
I gcionn seacht mbliadhan d’oscail an chloch agus d’eirigh an bhean sidhe amach fé’n aer ag cíoradh a cuid gruaige. Bhí fhios faighte ag Séanach Séamuis uaithe ar feadh na seacht mbliadhan a bhí sé istig sa chloich, cé bhí abálta thabhairt amach dá h-aimhdheoin le bárr filidheachta. Sgríob se mórán leitreaeha agus sgaoil sé leis ngaoith íad go bhfaigheadh na scolairí iad ar thaoibh na mbóthar, chun tuairisg a thabhairt dá mhuinntir go raibh sé fé dhraoidheacht ag an mnaoi seo. Bhí triúr file ar fuaid na hÉireann san am san. Duine acu sa Ghaillimh, duine acu i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí