Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí aon inghean amháin acu. Cailín álainn dob' eadh í. Nuair a bhí sí fásta suas do cailleadh a máthair agus do phós a h-athair arís. Baintreabhach dob' eadh an tarna bean agus bhí inghean aice cheana. Do bhí an inghean san an-ghránna ar fad. Níorbh' fhada gur gheibh éad an leas-mháthair leis an leas-inghean toisc ná raibh a h-inghean féin chómh dathamhail léi. Ba mhaith léi annsan deireadh a chur léi i slighe éigin ach do theip uirthe cuimhneamh ar aon tseift chun í a chur chun bás.
Sa deireadh do shocraigh sí go raghadh sí go dtí sean-dhraoi a bhí na comhnaidhe in aice na h-áire. Do chuaidh sí chuige agus dubhairt sé lei dul abhaile agus leigint uirthi go raibh sí breoídhte agus a rádh leis an leas-inghean dul go dtí Muilleann Draoidheachta a bhí in aice na h-áire ag triall ar phlúr mar ná leighisfeadh aon rud eile í, "mar" arsan draoi "gach aoinne a théigheann go dtí an muilleann san ní thagann sé abhaile go bráth arís".
Do chuaidh an leas-mháthair abhaile agus do dhein sí mar a dubhradh lei. Nuair a bhí sí sa leaba ar feadh cúpla lá do glaoidh sí ar an leas-inghean agus dubhairt sí léi dul go dtí an Meilleann Draoidheachta mar go raibh an plúr a bhí ann go h-an mhaith agus ná leighisfeadh aon rud eile í. D'fhág an leas-inghean go moch ar maidin lár'na mháireach agus do bhí sí ag imtheacht lei i rith an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sineád Ní Gogáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhódhráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Riasc, Co. Chiarraí