Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Paidir a dearfá nuair a bheitheá amuigh san oidhche.Aisling a cuireadh ar Chríost
Agus gan é ach mí i bruigheann a Mháthar
Cuirim-se an aisling sin idir mé agus an namhaidh
Chun mé chosaint ar droch-bheartaibh an Domhain.Paidir a dearfá chun ná thiochadh tromluighe ort.Anna Máthair Mhuire
Muire Máthair Chríost
'Lís Máthair Naoimh Eoin Baiste
Críost a céasadh ar an gcrois
Á gCur i gceann na leabhthainn
Chun mé choimeád saor ó thromluighe
Agus ó gach droch-bheartaibh uile go maidin.Paidir a déarfá nuair a luighfeá ar an leabhthainnLuighim ar mo leabhthainn mar luighim ar an uaigh.
M'fhaoistin go cruaidh leat a Dhia
Ó a Mhuire mheidhreach is a mhaighdean ró-ghlórmhar
Grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcórach
Rí na n-Aingeal is carthannach truagh bochtán
Dein díon dhom' anam anois is ar uair mo bháis.Sinéad Ní Gogáin (do cnuasaigh)
Baile an Eanaig, Baile an Fheirtéirigh.Críoch.- Bailitheoir
- Sinéad Ní Gogáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Ciabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí