Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na Gleannta.
Bhí gabhar ag beirbhiú ar an dteine ag muinntir an tighe seo agus d'fhiafruigh an t-amadán d' fhear an tighe cad a bhí ar an dteine mar bhí an t-ocras ag goilleamhaint ar an bhfear bhocht. Dubhairt fear an tighe leis gur asal óg a bhí ag beirbhiú ann. D'imthigh an t-amadán air agus nuair a chuaidh sé an Litriúich dubhairt sé leo gur asail a itheann siad i n-Iarthar Corca Dhuibhne. Do chreid muinntir an Litriúigh an t-amadán bocht agus 'sé an t-ainm a ghlaodhainn muinntir an Litriúigh ar iarthar Corca Dhuibhne riamh ó shoin ná Duthaig na n-Asal. - Sgéal1. Sinéad Ní Ghogáin
2. Baile an Eanaig, Baile an Fhirtéirigh
3 Fuair sí an sgéal ó'n a máthair - Bean Uí Ghogáin
4. Féach leath. 41
5. 30/V1/'38Tá loch i gCráighlí timcheall lé sé nó seacht de míltibh taobh thiar de Dhaingean Uí Chúise agus tugtar Loch Cráighlí. Is sa loch so a deintí na leanbhaí a bhaiste fadó. Gach uair a thugtaí leanbh go dtí an loch so d'eirigheadh piast mhór aníos as an loch agus d'itheadh sé an leanbh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sineád Ní Ghogáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ghogáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí