Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí Naomh i gCill Cuain ar a dtugtaí Naomh Cuain agus aon uair amháin nuair a bhí leanbh á bhaisteadh do chuaidh an Naomh go dtí an loch. D'eirigh an phiast aníos as an loc agus dubhairt an Naomh léi leigint do corcán a chur ar a ceann go dtí Lá an Luain. Do cheap an phiast gurb é an Luan a bhí chúiche a bhí i gceist ag an Naomh agus go leigfeadh ach b'é Lá an luain a bhí i gceist ag an Naomh ná Lá an Bhreitheamhantais. Nauir a chonnaic an phiast ná raibh an Naomh ag teacht chun an corcán a thógaint di do sháidh sí a ceann aníos as an loc agus dubhairt:-
Is fada an Luan é a Chuain
I n-uisge fuar ná fuil foláin
Is mara mbeadh an corn so a chuiris ar mo cheann
D'íosfainn trian agus leath an Domhain.- Bailitheoir
- Sineád Ní Ghogáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ghogáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí