Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Cormac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “An Gruagach agus Fionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an Bínnsín Dubh agus chuir sé a lámh ar a dhrom sa t-slighe céadna. An fhaid is do bhí an dá ceann eile ag dul amach, bhí an croiceann bainte de'n tríomhadh ceann ag Fionn. Chuir sé anáirde ar a dhrom é. Bí amuigh a Bhínnsín Bháin ars an Gruagach. Go raibh Fionn amach leis an gcroiceann anáirde ar a dhrom. Bhí sé ag lamhachán ar a lámha agus a ghlúinibh. Bhuail an Gruagach a lámh anáirde ar a dhrom fé mar a dhein sé leis an dá cheann eile roimhe sin. Cheap sé gurb é an tríomhadh gabhar a bhí ann. "Bí amuigh a Fhinn" ars an Gruagach. "Táim-se amuigh ceana" ars Fionn. "Dheinis mar sin é" ars an Gruagach. "Ní bheidh an buadh agat go dtí go mbeidh an fáinne annseo im' phóca ar do mhéar agat.
    Thug Fionn geilleadh dó, acht mar sin féin bhí eagla air teacht in-a ghoire ar eagla go marbhochadh sé é. "Má tá eagla ort ars an Gruagach "Ní gabhadh dhuit teacht i n-aice liom ach sín amach do láimh fada agus cuirfead-sa an fáinne isteach ann. Do shín Fionn amach a mhéar agus do shín an Gruagach an fáinne chuige. Nuair a bhuail Fionn a lámh chuige léim an fáinne taobh istigh de'n alt agus d'fháisc an fáinne mar bhí draoidheacht air. "Cá bhfuilir a fháinne" ar an Gruagach "Táim annseo ar mhéar bháin Fhinn Mhic Chumhail ó Éirinn" ars an fáinne. Suidh leis an nGruagach i ndiaidh Finn annsan - deireadh sé anois is arís cá bhfuilir a fháinne. D'fhreagruigheadh an fáinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac Gearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    49
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Shé, Co. Chiarraí