Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt dearbhráthar ann uair amháin. Bhí duine acu ana shaidhbhir agus an duine eile ana-bhocht. Bhí móran eallagih agus stoc ag an bhfear saidhbhir agus bhí lán tighe páistí ag an bhfear a bhí bocht.
Lá amháin ní raibh aon nidh le n-ithe ag na leanbhaí bochta agus bhí gach aon [?] acu. Sé an rud a dhein an mháthair ná corcán cloch a chur ar an dteine. Do thuit a gcodladh ar na leanbhaí annsan. Tar éis tamaill do bhuail slataire d'fhear óg [?] an doras isteach agus dubhairt sé go raibh pé rud a bhí ar an dteine beirbhighthe. Do thóg an bhean an clúdach díobh agus cad a bhí ann ná corcán prátaí. Dhúisigh sí na leanbhaí agus d-itheadar go sásta iad. Lár na mháireach do tháinig an fear céadna arís agus bhí na leanbhaí ar an gcuma céadna. Chuir sé an dearbhráthair bocht suas chun caoire do ghoid ó'n dearbhráthair saidhbhir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Loinsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Choill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ghuithín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí