Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 245

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 245
  3. XML “An Bhean Feasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i Leath-taoibh Meadhonach agus buaileadh a chapall breoidhte agus ní fheadar sé an tsaoghal cad dhéanfadh maitheas dó. Oidhche amháin bhí muinntir an bhaile cruinnighthe isteach ina thigh agus bhí gach duine acu agus a leigheas feín aige agus gan aon mhaitheas in aon cheann díobh. Bhí duine amháin ann agus dubhairt sé go raibh bean éigin sa pharóiste cheudna agus go raibh cáil uirthi de barr a cuid leighis.
    Chuir an fea fios ar an mnaoi láithreach agus niorbh' fhada gur ghabh sí an doras isteach chúcha. Fuair sí an capall sínte ar an dtalamh gan aon anam agus d'órduigh sí do's na daoine imtheacht as an gcistin mar nár cheart d'aoinne bheith istigh an fhaid is a bhí an t-ainmhidhe dá leigheas aice. Thosnuigh sí ar Ártha do rádh agus sar i bhfad d'éirigh an capall agus thosnuigh sí ag ithe agus chroch sí í féin agus bhí sí slán beo airís.
    Nuair a bhí an bhean ullamh ghlaoidh sí ar na daoine teacht isteach. Niorb' fhada go bhfuaradar amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eamonn Ua Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ionad na bPoll, Co. Chiarraí