Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)8) Nuair a bheitheá ag aistriú isteach idtigh nuadh ba cheart duit an sean-chat a bhí agat sa tsean tigh do mharbhú is gan é thabhairt isteach sa tigh nuadh9) Dá mbeadh sop ag sileadh le cearc bheadh socraid ann10) Dá mbeitheá ag taidhbhreamh mar gheall ar an mbás bheadh pósadh ann11) Dá mbrisfeá scathán bheadh seacht mbliadna de mhí-ádh ort12) Dá dtoirtfeá salann ar an mbórd ba cheart duit gráinne do chaitheamh thar do ghualainn, mar dhoirt Iudás salann ag an Suipeár Deirneach13) Dá léímfeá duine ní fhásfadh sí nios mó 14) Dá mbeadh tú cois na teine agus go léimfeadh spréacha amach ort thiocfadh airgead chughat15) Dá mbeadh gaoth ann agus go mbeadh peictiúir ar an bhfalla agus go dtuitfeadh sé anuas, chaillfaoi duine éigin sa tigh16) Nior cheart duit malairt ubh a thabhairt do mhnaoi le cur ar gor17) Nuair a bheitheá amuigh istoidhche agus go mbeadh eagla ort roimis na púcaí ba mhaith an rud é dul treasna na h-abhann mar nárbh fhéidir do's na púcaí tú leanamhaint annsan18) Níor cheart duit spré theine a thabhairt do dhuine de na comharsain, agus ba cheart braon uisce glan a bheith istigh istoidhche igcóir na bpúcaí agus an coileach do bheith istigh istoidhche insan dtigh comhnuighthe19) Ní ceart beirt a bheith fé chliabhán d'airtriú, agus ní ceart cliabhán nuadh do dhéanamh do'n chéad leanbh abeadh idtigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí