Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Saidhbhreas na mBúdhlaorachTháinig árthach trí gcrann isteach go Cuan Árt na Caithne le h-uain is le h-anaithe. Cheap an captaen go mbeadh foithn is fasgadh ann aige ach d'athruig an ghaoth agus bhí an t-árthach á chaitheamh isteach ar an dTráigh Bháin - ar an mBéal Bán.
Tháinig muinntir na háite go léir tímcheall, ag cabhradh leis na fearaibh ag teacht idtír. B'é'n captaén an fear déanach d'fhág an t-árthach agus fear críona dob'eadh é go raibh a shaoghal go léir caithte aige ar an bhfairrge. Bhí sé chun tabhairt suas i gcionn bliana agus bhí a thuileamh go léir agus ar chruinnig sé i ruith a shaoghail ar bórd aige, ór buidhe 'na shobhairní. Cuir sé isteach i mála beag a raibh aige agus chuir sé ar leabaidh chluimh é agus sgaoil sé isteach le gaoith is le h-uain é fé dhéin na trágha. Nuair a thainig an tochta clúimh isteach ins na tonnaidheacha briste nár iompuigh sé béal fé agus thuit an mailín óir sa bhfairrge. Thug an captaen iarracht ar theacht i dtír annsan agus bhághfaí é ach go raibh capall ag duine des na Búdhlaoraigh ar an dtráigh agus siúd leis fé dhéin an chaptaen. Ráinnig leis teacht lasmuich do'n gcaptaen agus thug sé leis saor é. Go tigh na mBúdhléarach a tugadh an captaen an oidhche sin agus tugadh gach cóir agus aire dá fheabhas do faid a bhí sé ag teacht chuige féin. D'innis sé do'n mBúdhlaorach sgéal an airgid. "Bh'fuil fhios agat,2 ar seisean "cár iompuig an tochta clúimh? Téire ar lag-trágha led'chapall agus má bhuaileann sé leat bíodh leath agat ach tabhair an leath eile dhom-sa agus beidh ár ndóthain ag an mbeirt againn pé fada geairid a mhairfimíd. D'imthig an Búdhlaorach agus do réir gach deáraimh bhuail an mála leis i gan fhios d'aoinne ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí