Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
- XML Leathanach 465
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Uair amháin bhí fear ag cur cruithneachtan agus tháinig Íosa chuige agus dubhairt sé leis an bhfear go mbeadh an chruithneacht aibidh dá otagadh sé chúice amáireach.”
Uair amháin bhí fear ag cur cruithneachtan agus tháinigh Íosa chuige agus dubhairt Sé leis an bhfear go mbeadh an chruithneacht aibigh dá dtagadh sé chúice amáireach.
Do tháinigh an fear lá'r na mháireach,agus do bhí an chruithneacht aibigh. Annsan do thosnuigh sé ag buaint na cruithneachtan le corrán.
Bhí sé ag buaint ar feadh tamaill nuair tháinigh sgata Iúdach chuige ar thóir Íosa.Dubhairt an fear leo nách raibh fhios aige cá raibh Sé.
Ansan do chuir daradaol a cheann aníos, agus dubhairt sé go raibh Íosa i bhfolach i mball éigin. Agus do bhuail an fear an daradaol leis an gcorrán,agus'san áit gur bhuail sé an daradaol tá líne dhearg ar a dhrom ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Abhainn an Scáil, Co. Chiarraí