Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caisleán na MineáirdeTháinigh na saghdúirí go Caisleán na Mineáirde leis agus d'ionnsuigheadhar
é. Do chosain an Husach agus a chuid fear é an fhaid a b'fhéidir leó. Do theip a gcuid piléar ortha. Bhíodar go léir caithte aca agus do chromadar ar chnapaí "pewter" do chaitheamh. Nuair a chonaic na saghdúirí Gallda na cnapaí bhí a fhios aca go raibh a bport seimhnte aca, agus ní raibh aon bhaoghal ortha. Chuadar i ngiorracht de'n caisleán agus dheineadar poll fé an bhfalla agus shéideadar suas an caisleán agus a lucht cosanta. Do marbhuigheadh Uaitear Husaí ann. Máire Ní Chinnéide.
ó Phádraig Ó Cathasaigh.
Baile an Chláir.- Bailitheoir
- Máire Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chláir, Co. Chiarraí