Scoil: Scoil N. Erc
- Suíomh:
- Baile an Mhúraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bean Uí Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Erc
- XML Leathanach 211
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cím chugham an tárd anoir.
An fear ag rith,agus an fear ag rás.
Fear na coise caoile cruaidh,
Agus mo trí thruagh,mo laogh gan rith.
An bás.Is tú Aodh agus mac d'Aodh,
Agus bean Aodh do mháthair
Is tú mo mhac,agus is tú m'fear,
Is mé do bhean agus do mháthair.
Do bhí máthair Aodh í. Cailleadh a fear nuair a bhí Aodh leath bliadain aoise agus Aod do b'ainm do san leis. D'imtig sí go hAmeiriocá agus d'fág sí an leanbh le tabhairt suas ag a muinntir. Fiche bliadan na dhiaidh sin bhuaileadar le céile sa Stáit agus níor aithnígeadar a chéile. Níor chuimhnig sí in aon chor gur bé a mac é. Phósadar agus ag caitheamh a ndinnéir sa tig ósta tug sí fé ndeara é agus chúm sí na línte thuas.
Máire bean Ui Chatháin 73 bln.
Cuas bhreanndáin
Daingean- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chathán
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cuas an Bhodaigh, Co. Chiarraí