Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 786
- XML “Ór i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an daobh thuaidh de loch sa pharóíste seo tá faill árd agus tá poll mó 'na lár agus sót staighre ag dul suas cuige; agus deirtear go raibh carnán airgid curtha san poll agus go raibh gruagach ag tabhairt aire dho, agus aoinne a raghadh ag trial ar an airgead go bhfáadh an gruagach é na bacachán.Bhí fear siubhail ann ar a glaodhtaí Cabhal Aodh tháinig sé go dtí an Gleann lá. Nuair a chualaidh sé trácht ar an ó dubhairt sé go raghadh sé ag trial air. Nuair a tháinig sé go dtí an staighre chuaidh sé suas acht má chuaidh bhí ana eagla air roimh an gruagach. Mar sin féin chuaidh sé isteach agus ní fada dó isteach go dtáínig sé go dtí saghas seomra agus thuas ar sót bhúird bhí an carnán óír.Nuair a chonnaic sé é do las a chroidhe agus siúd leis cun an tór. Bheir sé greim air. Len a linn sin d'eirig an gruagach agus chuir sé scread as. Do thuit an t-ór as lámhaibh an tincéara. Bheir an gruagach air annsan agus chuir sé easgaine air(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dhúbhda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Seanchoirp, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Maitias Ó Dúbhda
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Gleann Seanchoirp, Co. Chiarraí