Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 804
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag fághail bháis i mBaile Átha Cliath. D'fhág le huacht ag amhach Croch Geal Baile Átha Cliath. Thosnuig an mach ar an haon droch nidh a dheánamh. D'imthigh sé air go raibh sé fé dhein Baile Átha Cliath. Do dhein sé margadh le seana cúipéir ar feadh bliadhna ar a bfiú leis a thabhairt dó. Bhí an sean-duine ag dul san aois, agus ní raibh aon muirir ortha agus b'fhearr le'n a bhean ná an domhan go mbeadh sé cun báis, go dtí go bpósfadh sí fear eile.Dubhairt an fear óg leis an seana-cuipéir go dtabhairfidís fé taoscán óir a guid ó'n maor. Dimthigheadar go dtí an áit go raibh an tór agus cuaidh an fear óg isteach agus thug sé leis amach mála breagh óir. Bhí ana áthas ar an seana-bhean nuair a conaic séi an tór ar fad agus bhíodar ag ceanach gach aon rud a teastaig uatha. Fuair an maor go raibh a chuid óir imthighthe agus níor b'fhéidir leis teacht suas leis na bitheamhnaig. Cuaidh an maor go dí a seandraoí ar lorg comhairle. Dubhairt an seandraoí leis fuineóg mór a cur ar an dtig go raibh an t-ór agus go siuralta dtiochaidh na bitheamhnaig arís. Agus barla taraig a cur taobh istigh do agus go dtuitfeadh sé isteach ins an barla agus go bhfanfadh sé ann.Dubhairt an fear óg leis an seana cúipéir go dtabhairfidís fé'n ór arís, agus go gcaitheadh an cúipéir dul isteach an uair seo. Bhí an seana cúipéir ag cur suas gan dul agus dubhairt an tseana bhean ná raibh aon maitheas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Diarmuid Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí