Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 815
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí na "Stations" cun bheith i dtig éigin i Mullach Bhéal sa paroíste seo. Tháinig an sagart agus na daoine mór-tímcheall na h-áite act do dhein an sagart dearmhad ar an fíon altórach agus dá dtéígheadh sé á dh'iarraigh beadh sé ró déanach nuair a thiocfadh sé thar nais. Bhí fear dar ab-ainm dó Mícheál Ua Muircheartaigh ó Ceapach sa tigh agus dhubhairt sé go raghadh sé treasna an chnuic go dtí an Dainghean fé dhéin an fhíona. Bhain sé a bhróga dhe agus cuir sé an cnoc de. Bhíodar ag magadh fé mar gheall ar é dul, mar tá an Daingean sé míle ó Mullach agus thógfadh sé cúpla uair cun an turas san do déanamh. D'fanadar sa tigh ar feadh tamaill agus bhí an sagart cun dul abhaile nuair a conaic sé Mícheál ag teacht anuas an cnoc leis an fíon. Uair a' chluig a thóg se uaidh. Bhí cáil air as san amac mar gheall ar a rith maith.
- 1) Bhí beirt fhear i Lios na Caol Bhuidhe darab ainm dóibh Seamus Ó Ruairc agus Séamus de hÓra agus bhíodar ábalta léim amac tré a dhá láímh agus iad dúnta ar a chéile. Bhíodar ábalta a dhá ceann a cur idir dhá spocaí rotha agus na cosa cur síos idir dhá spócaí eile agus greim a breith ar dhá spócaí len a lámha agus an cairte ag imtheacht.2) Bhíodh fear dar ab ainm dó Tomás Ó Súilleabháin ó Bhreandán ag dul go dtí Traíghlí le cliabh éísg agus biodh cairt agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maitias Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí