Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 831
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Timcheall seachtmhó blíadhan ó shoin ins na tighthe a pósfaí gach cúpla dá bpósadh trith na hInide is amhlaidh a thagadh an sagart agus an cléireach go dtí tigh an cailín agus pósadh annsan an lámhna. Ní hiad múintear an pósta a díoladh na sagairt in aon chor acht na cómarsain gur tugadh cuireadh dóibh teacht go dtí an pósadh. Bhíodh clócha cábaí ar an gcailín agus "frock'cóta" mar a tugtaí air ar an bhfear. Ní raghadh an lámhanú as baile in aon chor mar a théigheann na daoine anois act bhíodh ana oidche aca, bhíodh mórán oil ins an dtig agus bhíodh trí nó ceithre caoire marbh aca agus bhídís ag ithe agus ag ól fan na hoidche. Bh'fhanadh an saghart ann go dtí an maidin leis.
- Bailitheoir
- Máighréad Ní Dúbhda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Seanchoirp, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Maitías Ó Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Gleann Seanchoirp, Co. Chiarraí
- Nuair a bhídtí cun cleamnais a dhéanamh fadó mór tímcheall na h-áite seo théigeadh muintir an cailín go dtí tig an bhuachalla istoidche agus thógaidís leó buidéal uisge beatha agus galún pórtair. Nuair a sroisidís an tig sé an céad rud a dheinidís ná an suipéir d'ithe. Tar éis an tsuipéar dólaidís cuid den phortair agus den uisge beatha. Is annsan a tarracóidís síos an cleamhnas is dá mbéadh gach aoinne sásta déanfaí an cleamhnas is bhíodh rinnce is ceóil aca go maidin. Shocaruighidís lá an phósta annsan agus(leanann ar an chéad leathanach eile)