Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 860
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Tá tobaireacha beannuighthe i Mullac Bhéal in áit na tugtar Céim Buidhe air. Tá ceithre cinn díobh ann. Do bíodh na daoine ag déanamh turas ann fadó mar leigheas do teinnis fiacal. Tá cloch ann agus Cómhartha Croise gearrtha isteac innte.
(2) Tá tobair beannuigthe ag bárr Cnuich Bhréanain ar a tugtar Tobair Bhréanain agus tá leigheas do breóidhteacht san uisce atá ann.
(3) Tobair a Gósta: - i mBaile na Leachan deirtear gur cuir bean imBaile na Leacan ciotal uisge as an dtobar sin ag beiriú is dá mbeadh sé so teine o shoin ní bheireóchadh sé. Dfeuch sí isteac sa ciotal agus conaich sí go raibh iasc beag istig ann. Do thóg sí amac an t-iasc agus d'imthig sí thar-nais leis go dtí an tobar agus chaith sí isteac ann é. Nuair a tháinig sí thar-nais bhí an ciotal nac mór beirbhthe.
(4) Tobair Floínn ag Taobh an Cnuic. Téigheann na daoine ann cun turas a dhéanamh Lá Peadar is Póil gac bliadhain .Tá an tobar thios ag imeall na fairrge anois act deirtear go raibh sé shuas in aice an bothair fadó acht gur nigh bean éadaige salaca ann lá agus an oidche sin d'aistruigheadh é síos go bruac na taoidhe. Tá sé a' teacht amac tré scoilt sa carraig ag bun na faille anois.Cáit Ní Mhuircheartaigh, Mullach Béal- Bailitheoir
- Cait Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí