Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 867
- XML “Luibheanna”
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fiadhaile is eadh an neanntóg agus fasann sé idtalamh maith. Fadó bhíodh na daoine ag bailiú na neanntóg agus thugadh siad dos na cearca agus na muca iad. Fiadaile iseadh an cupóg leis. Deineann sí a lán díóghbhála dos na prátaí agus tógann sí a lán maitheasa as an dtalamh.Fiadhaile iseadh an praiseach bhuidhe agus fásann sé igcómhnuidhe ins na prátaí agus ins an coirce agus tóan sé a lán maitheas as an dtalamh. Fásann an caisearbhán ins an gort ins na moinéir. Fadó bhíodh na daoine ag bailiú an chaisearbháin cun é thabhairt dos na ba.Fiadhaile eile iseadh an spúnc agus fásann sé ins gach saghas talaimh. Deineann sé alán díoghbhála do'n féir. Fásann an buachalán ins na pairceanna agus ar thaobh an bhothair agus ar talamh bocht.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál O' Murcadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Praiseach BhuidheDeineann sé an talamh bocht go mór-mhór má tá an iomarca de ann. Tógann sé mórán maithes ó's na prátaí.
BraiméirFásann sé ar talamh bocht. Staithidís é fadó cun é thabhairt do na ba. Tógann sé an taoileach go léir ó's na prátaí.
MislaínFásann sé ar iomaraí na bprátaí. Phiocaidís fadó é mar leigheas do thinneas cinn.
MeacainSalacar an mhilis. Phiocadh na sean daoine é agus dheinidís é róstáil sa teine agus d'ithidís é- Bailitheoir
- Mícheál O Duinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán O' Duínn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí