Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 870
- XML “Na Prátaí”
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsan.
Diarmuid Ua Dúbhda
Baile na Leacan - An céad rud a deintear sar a cuirtear na prátaí, an t-aoileach a tharrac amach le capall agus cairt as an búaile agus é a leagadh na carnaín ar fuaid an garraidhí. Annsan é do leathadh mór timcheall na páirce. Deintear an talamh do threabhadh na iomairí. Bíónn ceithre fóíd ar leitheadh gach iomairi. Geártar na sgiolláin agus deintear iad a chur agus iad do pacáíl. Le ráínn a deintear na poill agus cuirtear na sgioláin isteach ins an poll agus dúntar é. Nuair a bhíónn na gais ar na sgioláín cuirtear an cré ortha, agus taréis tamaill eile na dhiaidh deintear iad a spréáil. Fadó is le rann a deintí na h-iomairí acht ní iomairí a glaodhtí ortha ach bálthaí. Nuair a bhíónn na gais aibigh agus feochta, bíónn na daoine a' baint na bprátaí. Sé ainm a thugan na daoine ar na prátaí ná croiceáin agus prátaí glana ar na ceann móíre. Cuirtear na prátaí móra i boll ins an gort. Deintear carnáin mór de na prátaí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Míchéal Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Seán Ó Concubair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí