Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 895
- XML “Ainmhithe na Feirme”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bímíd ag glaodhac ar an gcapall deirmimíd Phil! Phil! Phil! Nuair a bímíd ag glaodhac ar na lacain, Phín! phín! a deirimíd. Tioc! tioc! leis na cearca; Bidh! bidh! leis na turcaithe, agus Beadaí beadaí! ar na géana. Cun glaodhac ar na muca, Doc! doc! a deirimíd. Sé an ainm tugaimí ar tig na mbo ná, cró na mbó. Deintear ceangall as gruaig eirball na mbó. Ar an muinéal is mó a ceangaltar na ba. Ar an cois is mó a ceangaltar nuair bhíonn siad óg. Nuair bíonn siad seacthmhain ceangalar ar an muinéal iad.
Diarmuid Ua Gráíne
Gleann Seana Cuirp - Siad so na h-ainmhidhthe atá againn san bhfeirm. Ba, caoire, gamhna, asal, capall, cearca, lacain, géana, agus turcaithe. Nuair a bhímíd ag tománt na gcáorach deirimíd Cush!; nuair a bímíd ag tomáint na ba deirmíd Hush! Nuair a bímíd ag glaodhac ar na cearca deirmí Tioc! tioc! Cun glaodhac ar na lacain deirimíd Féineach! féineach! Deirmíd Beadaí beadaí leis na géana. Deirmíd Bídh! bídh! leis na turcaithe, agus cun glaodhac ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)