Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 906
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní caitheadh na daoine bróga fadó go dtí go mbiodh siad cun pósadh, ach anois cuireann siad bróga ar na leanbhaí nuair a bhíon siad ábalta ar siubhal. Bíonn cuid eile aca ná cuireann bróga ortha go mbíonn siad ag dul ar sgoil. Tá cúpla ban sa ceanntar seo agus ní cuireann siad aon bróga ac amhaín an Domhnac, agus tá mná ann ná cuireann aon bróga ortha ag dul go dtí an tAifreann go dí go dtagann siad inaice an tSraíd bhaile. Bhí fear i Daingean agus níor caith sé bróg riamh. Bhí fear eile i mBranndán agus níor caith sé bróg riamh. Tomás Ó Súilleabeaín ab ainm do. Bhíodh sé ag dul gach lá go Tráighlí le h-amperín eísc. Theígheadh sé ann i trí úaire. Bhí sé ag teacht abhaile ó Tráíghlí lá agus an h-amperín beag ar a dhrom. Chuir sé geall le lucth phuist agus dhá capall aca fé gingel, go mbeadh se sa Camp rómpa agus do bhí. Bíonn na scoláirí go léir sa ceanntar so cosnochtaithe sa tSamhradh anois. Fadó bhíodh siad cosnochtaithe sa geimhreadh leis ach amháin aimsear an tseaca. Tá cúig greásaidhthe sa ceanntar seo anois. Deirtear go bhfuil an greásaidheacht ó dúthcais ag muíntir Ó Néill ó Clochán. Bhí fear eile i mBreándán dar ab ainm do Loíngsigh agus hí dúthcais an greasaidheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maitias Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí