Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 911
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)briste. Bhí an ceárd ag muíntir Ó'Néill ón a shínsear. Greásaidhe dob eadh a athair, agus bhí an ceárd ana maith aige.Seán Ua Murcadha
Doire na Muice - Bhí fear i Branndán ar ab ainm do Tomás Ó Súilleabháin agus níor caith sé bróga riamh. Do cuaidh sé go Cíllaírne uair sa tseachtmhain cun a chuid éísg a dhíol agus bhíodh sé abhaile roimh na cairteacha. Deintear níos mó bróga anois seacas fadó. Bhí fear i gClochán dar ab ainm dó Seán Ó Concubhair. Bhí sé ana mhaith cun peire bróga do dheánamh agus cun bróga do dheisiú, agus cuireadh sé adhmad mar bonn fútha. Bhí a bheirt dhrithaír, Seámus agus Pádraig ag greásaidheacht, a athair agus a shean athair leis. Bhí fear i Drum ar ab ainm dó Tomás Ó Muirchearthaig agus bhí sé ag deánamh bróga. Ní raibh sé ró mhaith in-aoncor cun phéire bróga do dheánamh agus nior cheanaig éinne na bróga a dheineadh sé. Gach lá a raibh aonach sa Daingean do chuaidh sé ann le ualach bróga. Nuair a sroiseadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ua Dúinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dúinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí