Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do gaibh Eoghan Ruadh isteach lá go dtí bean tighe agus do bhí sí curamach agus dubhairt sí leis suidhe go fóil ar an gcathaoir go dtabairfidh sí a ndinnéir do dhá duine uasail a bhí annsan. Cad do bhí ann - bradán a róstadh aici dóibh. Nuair a bhí sí beirbighthe do thug sí leithe suas o'n t-sómra go dtí an dhá dhuine uasal. Nuair a tháinig sí anuas thar nais dubhairt sí le Eoghain suide cun bhúird. Do bhuail dó nó trí prataí cuige agus scadán. Seo ag caint leis an scadáin agus fé mar a bhaineadh sé greim as do bhíodh sé ag cainnt arís leis. Cuir ceann des na dáoinne uaisle a cheann ón doras agus do glaoidh sé ar an dara fear mar ná tuigeadh sé an cainnt a bhí á rádh ag Eoin. Cad fá na cainnte ars iad san le Eoghan. Dearbhrathar dom a batadh fadó. Táim a fiafhruighe don sgadán a gcifeadh sé ar a shiubhalta é. "Agus cad dúbhairt sé leat? Gur mo shiúbhalaig an bradán thuas agaibh-se." Tug an duine uasal an bradán cuige agus bhí sé ag baint a griam as nú go raibh deire itte aige. Cad dubhairt sé leat ars iad san. "Ní bfuaireas aon cuínntas uaidh" ars Eoghan ach go bhfeárr le n-ithe é féin ná an sgadán. Sin é mar Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin a bradán úatha.