Scoil: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 15844)
- Suíomh:
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- GLAS GAIBHNEACH
Glas Aibhneach a bhí mar ainm ar bhó in Duibhneach fadó. Deirtear nár itheadh sí áon ghreim ach ar talamh go mbhiodh mianach maith ann. Dith sí greim i m-B-aile na h-Abh-ann ar talamh na nGearalthach i ngort go glaodhtar cró na hola air. Níor ith sí aon greim annsan go gchuaidh sí ar Dhrom an Bhaile Bhric. Siúbhaligh sí léithe annsan. Do chruidh sí í féin ar an gCill. Do chruidh sí i féin sa gcana Cloiche agus scág sí an bhainne ar cheiléir cloiche. Níór ith sí aon greim annsan go dtí go gchúaidh sí go dtí iochtar na Cluante agus úchtar na gcaora. Do thug Glas Aibhneach turas ar an ndrom leis agus thógadh sí cúpla greim féir ann. Tá dhá gallán in aice le chéíle ann agus [ó?] nimthigheadh sí tríd an dó gallán feucaint an raibh a bolg lán agus má mbeadh go raghadh sí go dtí an bhfhairrge aris.
An fear is coi san áit bheadh duadh air dul tríd. Tugadh sí bainne do gach áoinne a ragadh a crúdh agus líonadh sí an t-ártach go gach aoinne. Ach dúbhairt bean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg O Flaithbheartaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tír Bhroin, Co. Chiarraí