Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag dul as. Do dhein a mháthair a raibh 'na cumas do ach ní raibh aon mhaith ann. Sa deire do chuir sí iachall air dul chun comhairle do ghlacadh ó Fhear Feasa a bhí sa chomharsanacht, agus is í an comhairle a fuair sí uaidh ná dul amach sa choill go luath ar maidin agus an rún d'innsint do chrann fé leith a bhí ann. Do dhein an bearbhóir mar a dubhairt leis agus ón lá san amach bhí sé ag dul i bhfeabhas.
Tamall gearaid 'na dhiaidh sin do tionóladh céilidhe agus sumsa sa chaisleán. Bhí na h-uaisle idir fearaibh is mnáibh as gach áird sa cheanntar ann. Tamall gearuid roimhe sin an gléus ceóil a bhí ag duine de cheóltóirí an taoisigh do briseadh é, agus b'éigin do ceann nuadh d'fhaghailt i gcomhar an fhéasta. Seadh, má'seadh do chuaidh an siúinéir amach sa choill a bhí in aice an chaisleán agus a thuadh 'na láimh aige. Do phioc sé amach an crann b'oireamhnaighe fé mar a cheap sé, ach ar adhmharaighe an domhain cad é an crann a chuirfeadh súil air ná an chéudna gur innis an bearbóir an rún doimhin dó, i gan fhios d'aoinne marbh nó beó. Do bhain sé giota breágh deas adhmaid de'n chrann so agus thug isteach leis é. Do chuir sé chuige, is má dhein, ba ghearr an mhoill air gléus ceóil nuadh chomh deas, chomh greanta is dá bhfeaca súil riamh. Thug sé do'n cheoltóir é agus ní misde a rádh gur phreab croidhe an cheolthóra féinig sin le neart áthais agus suilt. D'imthigh sé isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cathalain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chiarraí