Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 013
- XML “An tSeanscoil a Bhí i gCromán”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean scoil i gCromán fadó, ins an áit in a bhfuil bean Ní Shíodhchain in a chómnaide anois. Tig beag ab'eadh é agus bhí ceann tuige air.
Ní raibh aon suidheachain ann, act bhíod siad ag seasamh ar fúid an tighe.
Ní raibh leath na leabhra aca an uair sin is atá anois.
Ní raibh aon dubh ná scriobhléirí aca act sliní agus saghas peannlaite de slínn.
Bhí na buachaillí agus na cailíní mheasguithe le chéile ann.
bhFaghadh siad cheithre peannlaithe ar leath-phingin, bé na daoine féin a dhíol an máighistir agus an mhaigistreas an fhaid a bhíod na leanbhaí ag dul ar scoil.
Bé máigistir Ó Fóghladha agus a dheirbshuír a bhí ag múnadh ann.Muiris O Gribhthín,
Glaise,
VII Rang.
Ó
Bhríghid, bean Mhichíl Uí Gríbhthín,
Glaise, 50 bl - Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí bó aca.
Ní raibh aon fhéir aca a thabhairt do'n bó bhí sí ag fághail bháis leis an ocras.
Dúbhair an bhean leis an bhfear an bó do dhíol go bhfaghad sí púint bainne ar dhá phingin.
An maidin i na dhiaidh sin chuaid an fear go dtí an aonach leis an bhói agus dúbhairt sé leis an bhean nuair a bhí sé ag imtheacht cad a iarraid sé ar an bhó.
Dúbhairt an bhean an pingin is aoirde sa sráid do fhághail.
Chuir duine pingin anáirde ar bhata árd agus thug an fear an bhó ar an bpingin sin, agus nuair a thánaig sé abhaile agus nuair a chonnic sí cad a bhí aige do mharbhuigh sí é.Séamus O Raghaille.
Cromán. VII Rang.
Ó Maire Ní Rhaghaille,
Cromán. 80bl- Bailitheoir
- Séamas O Raghaille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Moora Ní Raghaille
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí