Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá méadar againn sa-bhaile.
Do cheannuigheamar i gCill-Orglan é.
Do thugamar ocht Sgilling deag uirthi.
Tá sé tímcheall ar dhá throig ar aoirde agus ceithre troighthe ar fhaid.
Siad so ainmneacha ar ghleasanna na meidre-
an loinithe,
an cláirín agus an cupainín.
Bíonn an loinithe ag dul síos trid an gcláirín agus bíonn an cupainín anuas ar an bpoll ag dul tríd an gclairín.
Deinimíd cuigeann uair amháin sa t-seacthin ins an Samhradh.
Deineann mo mháthair agus mo dheirbhsiúir an chuigeann.
Nuair a thagann stróinséar isteach, buaileann sé greas uirthi ar eagla go dtógfadh sé an t-ím le cómhacht(leanann ar an chéad leathanach eile)