Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal mar Gheall ar Piast.Bhí duine uasal ann fadó, agus bhí adhbhar chuda sa tsaoghal aige.
Bhi cailín ana bhreag d’inghin aige Bíodh chuid mhaith ag teacht fé na gcéin, fhead go bhfaighidís í.
Ni raibh aon dul aige Narrí d’fhagáil.
Bhí piast mhór sa loch, agus ní raibh ag an té a mharbhóchadh an piast, ach Narrí d’fhaghail.
Ní thagadh an piast isteach ach uair sa seacht bhlian, agus do trial chuid mhait piast, ach ní feadach í mharbhughadh, agus nuair imtigheadh sí amach an lá san gan marbhughadh, agus ní aon uair a thaghadh sí isteach, ná dheinead sí an domhain diabhail ar an duine uasal.
Chaill sé na ba agus na chapaill.
Ní bheadh coirce na prátaí aige an bhlian sin.
Chuirfidh sí an áit go léir chun báis, agus do shéadad dí gaoth agus ní fhásad aon ní an bhlian sin, i mí na bolg.
Bhi fear ag teacht I gcomnuide chun í d’faghail.
Cheap sí, go raibh sí ró fhada gan phosadh, agus dubhairt sí le n-áthair,
Cad na thaobh nár coiméad sé duine éigin acu.
Dubhairt a hathair lei na raibh aon dul aici pósadh, ach an té a mharbochadh an piast.
B’in é a gheobhadh í, agus a áit féin.
Bhí an aimsear suas amárach, agus bhí seacht blian eile suas.
Riacht agus reaba le thabhairt suas agus an inghín d’en té a mharbhodhadh an piast.
Tháinig maidean amhárach agus tháinig an piast isteach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig F. Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Raithille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí