Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 144
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeúl.
Do bhí fear agus a mhach ag súibal an bóthar lá. Do chonnacadar crú capall ar an mbóthar agus dúbhairt an t-atair leis an mach an crú do thógaint suas, agus dúbhairt an mach na raibh aon mhaith ann.
Do chrom an t-athair síos agus do thóg sé suas agus do chuir sé in a phóca é.
Do súibhaladar go sráid baile, agus chuadar isteach i gceardcann agus do dhíol sé an crú ar dhá phinginn. Annsan do chuadar síos an sráid agus do chuaidh isteach i siopa agus cheannuig sé siúcre agus té i gcóir an tighe.
Do chonnaich sé bean ar thaobh an sráid agus bhí siríní aici.
Do cheannuig sé luach dhá phinginn de sna siríní.
Nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhí an t-athair ag ithte iad agus do bhí an mhach ag féacaint air.
Do bhí tuirse ar an mach agus d'fhan sé siar agus do leig an t-athair na siríní tuitimh ar an dtalamh.
Do chrom an mhach síos agus thóg sé suas iad agus d'ith sé iad.
Bhíodar mar sin go dtángadar abhaile.
Dúbhairt an t-athair má thóg sé suas an crú ná bheadh le déanamh aige ach chrom síos uair amháin.Gearóid Seóghdha. Rang a VII.
15 adh lá Mí na Nodlag 1938.
Fuaireas é seo ó
Pádruig ó Carúna,
Tullach Uachtar,
Cill-orglan 76 bl- Bailitheoir
- Gearóid Seóghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Carúna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- An Tulaigh Bheag, Co. Chiarraí